Cé hiad sinne?
Is feachtas neamhspléach ar pháirtithe polaitíochta iad ‘Ireland for Europe’ atá ar son vóta ‘TÁ’ a bhaint amach do Chonradh Liospóin.
Is gluaiseacht na ndaoine sinn. Táimíd tagtha le chéile chun cinnireacht a thabhairt ar dhíospóireacht Chonradh Liospóin.
Creidimíd gur fearrde ár dtír le vóta ‘TÁ’, ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta, sóisialta agus polaitiúla de.
Tá an cinneadh seo ró-thábhachtach le go bhfágfaí faoi dhaoine eile é, agus ró-thábhachtach le go bhfágfaí faoi na polaiteoirí amháin é.
Labharfaimíd go fírinneach. Tá an iomarca le cailliúint anseo. Tá an t-am tagtha seasamh suas.
Na Pátrúin
Tá tacaíocht fhorleathan againn. Cliceáil anseo go bhfeicfir an liosta…
Tair linn ar an bhfeachtas!
Má theastaíonn uait a bheith páirteach sa bhfeachtas, má chreideann tú gur láidre sinn mar chuid den Eoraip, cliceáil anseo le do thoil.
Dein teagmháil linn
Má tá aon smaointe agat don bhfeachtas, nó má theastaíonn uait páirt a ghlacadh sa bhfeachtas, is féidir teagmháil a dhéanamh linn ar info@irelandforeurope.ie

