Meet The Team

Pat Cox, Stiúrthóir

Pat CoxBhí Pat ina Uachtarán ar Pharlaimint na hEorpa tráth, agus is comhairleoir anois é ar chomhlachtaí atá bainteach le polasaí nuálaíochta agus le maoiniú aire sláinte inbhuanaithe san AE. Tá sé éirithe as a ról mar Uachtarán ar Ghluaiseacht Idirnáisiúnta na hEorpa an fhad agus a bheidh feachtas Chonradh Liospóin ar siúl.

Brigid Laffan, Cathaoirleach

Brigid LaffanTá Brigid ina Príomh Oide ar Choláiste na n-Eolaíochtaí Daonna i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath. Bhí sí ina hOllamh Jean Monnet ar Pholaitíocht na hEorpa san Ollscoil sin chomh maith. Tá go leor scríte ag an Ollamh Laffan faoin AE.

Brendan Halligan, Stiúrthóir Comhordaithithe an Fheachtais
Director

Is eacnamaí í Brendan Halligan a fuair a chuid oideachais i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath. Tá sé ina chathaoirleach ar an Údarás um Fhorbartha Inbhuanaithe agus ar an Institiúid Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpaigh. Bhí sé ina chathaoirleach ar Bhord na Móna roimhe sin. Bhí sé ina ard-rúnaí ar an Pháirtí an Lucht Oibre idir 1967-1980. Bhain sé amach suíochán Seanaid i 1973, agus bhuaigh sé foth-thoghchán i 1976. Bhí sé ina Fheisire Eorpach idir 1983/84. Tá go leor foilsithe aige faoi ghnóthaí na hEorpa, agus tá go leor dá shaothar foilsithe ag Institiúid na nGnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpaigh. Bhí sé ina chathaoirleach ar Ghluaiseacht na hEorpa ins na 1980’s agus bhí sé ina Ollamh ar Ghnóthaí na hEorpa in Ollscoil Luimnigh idir 1990-2000.

Andrew Byrne, Ceannasaí Feidhmiúcháin

Andrew ByrneBhronn Coláiste na Tríonóide céim sa Stair agus san Eolaíocht Pholaitiúil ar Andrew Byrne i 2007. Bhí sé ina Uachtarán ar Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide idir 2007-2008, agus dhírigh sé go mór ar áiseanna na mac léinn a fheabhsú. I 2007, bhí sé ina oibrí deonach do Chomhdháil Idirnáisiúnta Óige na hEorpa i mBaile Átha Cliath. Mhúin Andrew Stair Idirnáisiúnta ag Ionad na hÉireann don Óige i DCU, bhí sé ag plé le taighde gnóthaí poiblí agus bhunaigh sé agus stiúraigh sé an Generation YES, eagraíocht atá dírithe ar theachtaireacht dhearfach na haois-ghrúpa 18-30 bliain d’aois, i leith na hEorpa a chraobhscaoileadh. Taithníonn rith, snámh agus scannáin leis mar chaitheamh aimsire.

Caroline Erskine, Stiúrthóir Cumarsáide

Is iar-chomhfhreagraí polaitíochta agus iar láithreoir nuachta agus cúrsaí reatha le RTÉ agus le Century Radio í Caroline. Bhí sí ina cathaoirleach ar Eagraíocht na nIriseoirí Eorpacha tráth. Idir 2002-Bealtaine 2009, bhí sí ina comhairleoir cumarsáide le Fóram Náisiúnta na hEorpa, agus léirigh sé roinnt scannán ar Éirinn san AE le linn na tréimhse sin. Tá sé pósta le Barry Devlin, agus tá siad ina gcónaí i mBaile Átha Cliath. Tá beirt mhac agus iníon amháin acu.

Declan McSweeney, Cisteoir

Tá taithí os cionn 30 bliain baincéireachta ag Declan McSweeney, 28 bliain le AIB idir 1997-2005 san áireamh. Bhí sé ag obair le KPMG in Éirinn agus ins na Stáit Aontaithe roimhe sin. Bhí sé ina Phríomhoifigeach Airgeadais leis an Home Credit Group idir 2007-08. Tá sé ina stiúrthóir ar Genesis Lease Ltd ó 2007. Is cuntasóir í Declan a chaith dhá thréimhse mar bhall na hÉireann ar Chomhairle Thuairisceoireacht Airgeadais na Breataine ó 1996-2002. Fuair sé a cháilíochtaí is Wharton School, Ollscoil Pennsylvania agus i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath.

Iain Bennett, Cuntasóir

Cháiligh Iain ina chuntasóir le KPMG i 1984. Tá taithí mhaith aige ar infheistíocht mhaoine, agus ar chomhairleoireacht bhaincéireachta agus airgeadais ó 2000 go dáta. Bhí sé ina Uachtarán ar Chumann na Laighean de na Cuntasóirí Deimhnithe. Tá sé pósta le Mary Fahy ó 1985 agus tá cúigear clainne orthu.

Dein teagmháil linn

Má tá smaointe ar bith agat maidir leis an bhfeachtas seo, dein teagmháil linn ar: info@irelandforeurope.ie