Cad atá i gceist leis?

Tháinig 27 ballstát an AE ar shocrú maidir le Conradh Liospóin, agus síníodh é i mí na Nollag 2007. Tá ar gach ballstát an Conradh a dhaingniú sula gcuirfear i bhfeidhm é. Níorbh fhéidir an Conradh a chur a bhfeidhm go dtí seo, toisc gur dhiúltaigh muintir na hÉireann do sa reifreann anuraidh. Iarradh ar Éirinn cad iad na leasaithe ar an gconradh a bhí uaithi, i dtreo is go ndaingneófaí é.

D’áirigh an rialtas na  cúiseanna imní a bhí ag muintir na tíre seo tar éis toradh an reifrinn anuraidh, agus thánghas ar mhargadh nua, ar lean geallúintí dlíthiúla iad. Nuair a chaithfidh muintir na hÉireann vóta ar Chonradh Liospóin i mbliana, beidh na geallúintí seo á leanacht agus beidh seasamh acu ó thaobh an dlí idirnáisiúnta agus dlí an AE de:

Coinneoidh gach tír a coimisinéir, beidh smacht ag Éirinn ar a rátaí cánach féin, ní chuirfear as de neodracht na hÉireann, ciallaíonn sé seo nach mbeidh coinscríobh ná cosaint chomónta i gceist, coinneoidh Éirinn smacht ar ábhair leochailleacha eiticiúla mar ginmhilleadh, tá luach ard ar chearta oibrithe agus ar sheirbhísí poiblí in Éirinn agus san AE agus beidh cosaint acu seo faoin gCairt um Chearta Bunúsacha.

Ar an mbonn seo agus ar bhonn na ngeallúintí dlíthiúla, cuirfidh an rialtas ceist in athuair ar an bpobal ‘Cad é do fhreagra deireannach?’ Tá an obair déanta ag an rialtas. Is fúinne na daoine é, cinneadh a dhéanamh anois.

Cén fáth a bhfuil Conradh eile ag teastáil, agus cén fáth go bhfuil sé ag teastáil anois?

Bíonn gá le gach eagraíocht a leasú in am tráth, agus ní aon eisceacht é an AE. Beidh Conradh Liospóin in ann dul i ngleic leis na himpleachtaí a bheidh ag an domhandú, ag an ngéarchéim eacnamaíochta, athrú aeráide, smuigleáil drugaí, gáinneáil ban agus leanbh, slándáil fuinnimh, forbairt inbhuanaithe, cur i bhfeidhm spriocanna forbartha na mílaoise, coiriúlacht trasteorann, agus inimirce. Daingníonn an Conradh luachanna bunúsacha an AE maidir leis an daonlathas, ceartas, dlí, meas ar chearta daonna, dlúthpháirtíocht, inbhuanaitheacht agus lamháltas. Is chun tairbhe na hÉireann é go mbeadh an AE ullamh don gcéad seo chugainn, ó thaobh cúrsaí daonlathais agus ó thaobh cúrsaí eachrúcháin de.

Cad é go díreach a dheineann an Conradh?

Tá trí mhór aidhm ag Conradh Liospóin: 1.Éifeacht an AE, ina bhfuil 27 ballstát anois, a fheabhsú. 2. Daonlathas an Aontais a neartú. 3. Ról an AE sa chóras domhanda a fheabhsú.
Bainfidh Conradh Liospóin na haidhmeanna san amach trí:

  • Córas vótála níos soiléire agus níos cothroime a chruthú
  • Idirdhealú níos soiléire a dhéanamh ar cé a bheidh i bhfeighil nithe áirithe idir an AE agus na ballstáit.
  • Córas seiceála daonlathach feabhasaithe, chomh maith le seasamh níos láidre ag na rialtaisí náisiúnta i gcás reachtaíochtaí AE ar leith.
  • Seasamh níos láidre ag Parlaimint na hEorpa i ngnóthaí buiséide agus dlí an AE.
  • Gníomhaíocht phoiblí ag Comhairle na n-Airí nuair a chaithtear vóta ar dhlí an AE.
  • Cearta an saoránaigh ó thaobh tionsnaimh de.
  • Ról an AE sa chóras domhandaithe a fheabhsú trí chathaoir lánaimseartha a bheith ag Comhairle na hEorpa agus trí ionadaíocht an AE ar ardán an domhain mhóir a threisiú.

Cén fáth gur chóir ‘TÁ’ a rá?

Cuirfear Conradh Liospóin i bhfeidhm, má vótáilimíd ‘TÁ’. Níos tábhachtaí fós, coinneófar todhchaí na hÉireann i lámha na hÉireann. Beidh cinnteacht ag baint le ról tiomanta na hÉireann san AE. Is teachtaireacht a bheidh ann don domhan mór, go bhfuil muintir na hÉireann cinnte dá seasamh sa domhan mór.

Má vótáilimd ‘NÍL’?

Ní chuirfear Conradh Liospóin i bhfeidhm. Beidh todhchaí na hÉireann i lámha éigin eile. Tabharfaidh an dara ‘NÍL’ teachtaireacht soiléir don domhan, sé sin nach bhfuilimíd cinnte dár seasamh sa domhan mór. Cuirfidh an mhíchinnteacht seo leis an dúshlán atá romhainn, i bhfianaise na géarchéime eacnamaíochta. Is é ár tiomantas, agus ní hé toirt na tíre, an sainmharc is éifeachtaí atá againn laistigh den AE. Ciallóidh diúltú eile go mbeifear in amhras go mór faoi thiomantas na hÉireann den Eoraip. Ní hé seo an bealach le cur lenár gcumhacht ná lenár gcairde san AE, agus íocfaimíd go daor as. Ní bhfaighimíd margadh níos fearr.

Táimíd den dtuairim go mbeidh ábhar imní againn má dhiúltaítear de Chonradh Liospóin arís, ní hamháin ar stáitse an AE féin, ach ar stáitse an domhain mhóir chomh maith, toisc go mbeifear míchinnte faoi sheastacht na tíre i gcoitinne.

Tá fhios againn go gcabhróidh vóta ‘TÁ’ leis an tír seo agus leis an eacnamíocht. Ní léirigh éinne fós dúinn go gcruthóidh vóta ‘NÍL’ postanna nó todhchaí níos fearr d’Éirinn.

Cad atá sa Chonradh d’Éirinn?

An Margadh Nua
D’áirigh an rialtas na  cúiseanna imní a bhí ag muintir na tíre seo tar éis toradh an reifrinn anuraidh, agus thánghas ar mhargadh nua, ar lean geallúintí dlíthiúla iad. Nuair a chaithfidh muintir na hÉireann vóta ar Chonradh Liospóin i mbliana, beidh na geallúintí seo á leanacht agus beidh seasamh acu ó thaobh an dlí idirnáisiúnta agus dlí an AE de:

  • Coinneoidh gach ballstát a coimisinéir.
  • Beidh smacht ag Éirinn ar a rátaí cánach féin.
  • Ní chuirfear as de neodracht na hÉireann agus ní bheidh coinscríobh ná cosaint chomónta i gceist.
  • Coinneoidh Éirinn smacht ar ábhair leochailleacha eiticiúla mar ginmhilleadh.
  • Tá luach ard ar chearta oibrithe agus ar sheirbhísí poiblí in Éirinn agus san AE. agus beidh cosaint acu seo faoin gCairt um Chearta Bunúsacha.

Socraíodh na geallúintí seo ag Comhairle na hEorpa ar an 19 Meitheamh, agus tá seasamh dlí idirnáisiúnta acu. Tá socrú déanta chomh maith go ndéanfaí reachtaíocht prótacal orthu go gairid, rud a chiallaíonn go mbeidh stádas conartha iomlán acu ansan.