Eolas neamhchruinn
Scaipeadh go leor eolais neamhchruinn le linn an fheachtais dheireannach. Tá sé ar intinn againne é sin a cheartú anois …
An gcaillfimíd ár gceart Coimisnéir a bheith again faoi na rialacha nua?
Gan Conradh Liospóin, caillfimíd ár gceart Coimisnéir a bheith againn. Is é Conradh Nice a fhanfaidh i bhfeidhm má dhiúltaítear de Chonradh Liospóin. Faoi Chonradh Nice, ní bheidh cead dul thar 27 Coimisinéir, chomh luath agus a bheidh an líon san ballstát san AE. Tá 27 ballstát san AE ó 1ú Eanáir 2007. Ní athróidh sé seo ach amháin sa chás is go nglactar le Conradh Liospóin. Má dhiúltaímíd de Chonradh Liospóin an dara uair, seans láidir go mbeidh na ballstáit eile den tuairim gur chóir nach mbeadh Coimisinéir again idir 2010-2014. Is fúinn féin atá sé greim a choiméad ar ár gCoimisnéir.
Cad faoi chúrsaí cánach?
An mbeidh smacht ag an mBruiséil ar ár rátaí cánach má glactar le Conradh Liospóin? Ní bheidh. Ní dhéanfaidh Conradh Liospóin aon difríocht do chúrsaí cánach. Ní luatar cáin díreach, mar cáin comparáideach, sa Chonradh. Coinneoidh na ballstáit smacht ar a gcáin díreach féin agus beidh Veto ag gach ballstát maidir le cinntí a bhaineann le gnóthaí cánach. Ní féidir faic a bhaineann le cáin díreach a bhrú ar na baillstáit.
Tá leide tugtha ag Comhairle na hEorpa go dtabharfar geallúint dlíthiúil nach ndéanfaidh aon rud atá i gConradh Liospóin aon difríocht de chúrsaí cánach na mballstát. Táimíd cinnte mar sin gur fúinn féin atá sé ár ráta cánach corporáideach a shocrú, agus nach mbeidh baint ag an AE leis.
An gciallaíonn an Conradh go mbeidhUachtarán neamhthofa ar an Eoraip?
Ní bheidh sé sin i gceist.
Ciallaíonn an moladh nach n-athrófar cathaoirleach chruinnithe Chomhairle na hEorpa (cruinnithe rialta Phríomh Airí na mballstát) chomh minic is a dheintí. Bíonn Príomh Aire deifriúil ó na ballstáit éagsúla sa chathaoir gach sé mhí faoi láthair. Moltar go roghnaífí duine amháin a bheadh sa chathaoir ar feadh dhá bhliain go leith feasta. Ní bheidh cumhacht déanta cinntí ag an té sin áfach.
Mar a facthas i gcás Uachtaránacht na Seice le deireanaí, chaill an Príomh Aire siúd vóta muiníne ina Pharlaimint Náisiúnta, agus b’éigean dó éirí as oifig. Is furasta cur as d’Uachtaránacht an AE mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, go háirithe má thárlaíonn géarchéim sa mbaile. Is chun tairbhe an AE a bheadh Cathaoirleach seasta ar an gComhairle, ach ní Uachtarán na hEorpa atá i gceist.
An athróidh an Conradh an AE ó ghrúpa ballstáit go ollstát neamhdhaonlathach?
Ní athróidh.
Smaoinigh ar na fíricí.
Is aontas de stáit agus de dhaoine é an AE, a chaithfidh aird a thabhairt ar na dlithe atá leagtha amach ins na conarthaí agus ag Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa. Is ó na Ballstáit a fhaigheann an AE a chumhachtaí, agus ní an bealach eile timpeall. Tá sé seo an-soiléir ó Chonradh Liospóin.
Tá ionadaíocht chuimsitheach ag na ballstáit in Institiúidí na hEorpa. Leagann na Conarthaí amach rialacha soiléire maidir le cén slí a dheineann an AE a ghnó agus cad is ceadmhach dó a dhéanamh. Soiléiríonn Conradh Liospóin cad ian na cinntí ar féidir a dhéanamh ag leibhéal an AE, agus cad iad na cinntí ar féidir a dhéanamh ag an leibhéal náisiúnta.
Níl i mbuiséad an AE ach 1% d’iomlán teacht isteach na mballstát uilig.
Tá buiséidí na mballstát féin idir 35%-60% dá dteacht isteach náisiúnta.
Tá ballraíocht an AE bunaithe ar rogha na stát agus a ndaoine féin. Is rogha é do gach Stát a bheith ina ball den AE. Ní trí iachall atá aon Stát ann. Tá cead ag gach Stát an AE a fhágaint más mian leo. Leagann Conradh Liospóin amach bealach le gur féidir le ballstát tarraingt amach as an AE más mian leo. Is iad tairbhí an rachmais agus an tsíocháin na ceangail chomónta a choinníonn na ballstáit le chéile.
Tá buntáistí móra idirnáisiúnta ag seo do na ballstáit bheaga.
Maidir le suimeanna agus luachanna, cuireann ballraíocht den AE le hábaltacht na mballstát dul i ngleic le dúshláin trasteorainn.

